Grinds in Leaving Certificate Irish 

Our Grinds provide for students  having  problems  with speaking  and understanding spoken Irish, as well as with composition writing, grammar and comprehension.

Is é an fhadhb is mó a bhíonn ag daltaí I ngach leibhéal sa Ghaeilge  ná --  fadhbanna gramadaí, easpa tuisceana, máchail ar a gcuid cumas cainte agus  gan a  bheith in ann aiste mhaith a scríobh. Cuireann muid béim ar na rudaí seo inár gcuid cúrsaí. Tugtar cuidiú do phaistí bunscoile, daltaí mean-scoile agus mic léinn ollscoile agus coláistí eile sa tríú leibhéal. 

Below, we provide some sample material for essays, and for answers to questions on Irish literature:  

SOME GUIDELINES WHEN WRITING A COMPOSITIION:

• Honours Students should show that they are more than just pass.  Therefore use phrases like:  “De bharr”,  “In ainneoin”, “Chomh maith le”,  “Cé is moite de”, “I gcodarsnacht ”, “Déarfainn”,  “Feictear dom”,  etc.    Note that “de bharr” “in ainneoin” “I gcodarsnacht” are followed by the tuiseal ginideach:  “De bharr an tsneachta”,  “In ainneoin na haimsire” “I gcodarsnacht na talún tá an fharraige fiáin”.
• Honours students should use some passive forms of verbs:  “Feictear dom”, “Táthar ag rá”, “ Déantar/rinneadh”,  “Faightear”, “Cuirtear “, “ní dhearnadh”  etc.
• Honours students should show that they can use future tense and the conditional  mood.  Use “Má “ = “if “ in the past, present and future and use múna/mura as the negative forms.   Use “Dá” = “if” in the conditional mood and use múna/mura as the negative form.
• Pass students: Do not say “Tá sé rud maith” ─ say “is rud maith é”.  Note also that  “Ní” is the negative form of “Is”.  “Níl” is the negative of “Tá”
• Pass students: Do not use present tense when describing an incident in the past.
• All students:  Write as clearly as possible; use paragraphs; use punctuation.  Try to answer what you have been asked.
• When prepositions like  “ar”, “ag”, “leis “, “faoi “ are followed by “an” they put an  “urú “ on the  consonants  b, c, f, g, and p. Thus:  “faoin gcrann,”  “ag an ngeata”  “ar an bpáirc”.
• Honours students:  Prepositional phrases  like  “in aice”, “I lár”, “os cionn”, “ar cúl”, “os comhair”, ” ag barr”, “faoi choinne”  are followed by the tuiseal ginideach:  “ar cúl an tí”, “os comhair  na fuinneoige”,  “in aice na scoile” “ag barr an tsléibhe” “faoi choinne na tíre”.

 

            I

                                                                                                                                                                                                                                                                             Foréigean

Ciallaíonn foréigean gníomh díobhálach in aghaidh duine, a ghortaíonn an t-íobartach sa chorp no san intinn − nó ar a mheasa, a mharaíonn é nó í.  Is ailse é sa tsochaí: cuireann sé cosc ar dul chun cinn na sibhialtachta; ní chruthaíonn sé maith ar bith  ar son na heolaíochta, nó tairbhe dá laghad faoi choinne cothromaíocht an chine daomma;  ach an mhalairt − mar fágann sé dochar agus díothú ina dhiaidh. Is é an cheist a éiríonn as an méid sin ná, múna bhfuil sé tairbheach don cine daonna, cén fáth go gcaomhnaítear é go buan mar cheann d’ár gcuid  thréithe nádúrtha.? 

Cuirtear an milleán go minic ar drugaí agus alcól: deirtear go n-éiríonn foréigean níos measa de thairbhe méadú a n-úsáide − agus tá ccruthú faighte ar sin agus roinnt fáthanna a ghabhann leis. Ar an gcéad dul síos mothaíonn duine níos dána agus níos cróga nuair a bhíonn sé faoi thionchar an óil go háirithe. Nach minic a tharlaíonn foréigean istigh nó cóngarach le teach óil. D’fheicfeá fear beag múinte ag siúl isteach i dteach óil; de réir a cheile áfach  thabharfá faoi deara é ag éirí níos glóraí agus níos cantalaí le himeacht ama − go dtí gur Smoking Joe Frazier é, agus dúil na troda air. I gcodarsnacht sin éiríonn roinnt eile de dhaoine ólta níos goilliúnaí: de thorradh sin, dá ndéarfadh duine éigin rud  ar bith leo siúd  ghlacadh siad masla ar an dtoirt. De bharr sin is iomaí uair a ndeachaigh daoine amach ina gcairde agus gur fhág said an teach óil ina naimhde.

Sula gcríochnaíonn muid le téamaí na dí agus an fhoréigin, caithfidh muid rud eile a chur san áireamh freisin: is é sin éigniú. Teann boc óg isteach i gclub oíche tar éis dó a bheith ag glacadh misnigh sa teach óil le linn an tráthnóna, agus dar leis is Romeo féin é − agus tá ceart aige Julia éigin a fháil ar dóigh ar bith: múna bhfaigheann sé go macánta í, b’fhéidir go bhfaigheann sé í sa t-slí chontráilte agus é ar a bhealach abhaile. Lá arna mhárach músclaíonn sé agus is deacair aige tuiscint go ndéanfadh sé a leithéid de ghníomh.

Maidir le drugaí agus an bhaint atá acu leis an bhforéigean, tá roinnt fáthanna ann atá éagsúil leis an alcól. Tá gaol idir glacadh drugaí cruadh agus ionsaithe ar dhaoine. Má bhíonn an gá ag andúileach le haghaidh drugaí lena bhfuil sé gafa, agus muna mbíonn an t-airgead aige, is minic nach n- iarann sé iasacht ar a chuid chairde, mar a dhéanfadh duine agus é ag dul amach ag ól: in ionad sin ionsaíonn sé duine soineanta agus goideann sé an t-airgead gan náire. Is fadhb níos measa é ó thaobh an fhoréigin de an rud ar a dtugtar cogadh fóid − nó ‘turf war’. Bíonn a chríoch féin ag chuile mangaire agus má sháraítear na teorainneacha siúd  bíonn cogadh marfach  eatarthu. Maraíodh tuairim is cúpla cead daoine ó thús na mílaoise seo de bharr cogaidh fóid.

Déarfadh na gardaí go bhfuil easpa measa ar chúrsaí dlí le sonrú le roinnt blianta anuas. Déarfadh said go mbíonn sé deacair comhairle a thabhairt do dhéagóirí maidir le hiompar míshóisialta. Deir siad fosta go ndéanann said a ndícheall chun dul i ngleic leis an bhfadhb gan daoine óga a thabhairt faoi bhráid na cúirte, ach gur minic nach mbíonn an dara rogha acu − mar cuireann na déagóirí siúd ina gcoinne. Déarfadh na gardaí fosta  nach gcuidíonn an pobal leo minic go leor maidir le fiosrúcháin; múna mbeadh sin amhlaidh dár leo réiteofaí I bhfad níos mó coiriúlachta – go háraithe dúnmaruithe.  Múna mbíonn an pobal toilteanach cuidiú leis na gardaí ó thaobh coiriúlachta de, níor chóir dóibh a bheith á gcáineadh nuair nach mbeireann siad ar coirpigh.

Déarfadh cuid seandaoine go bhfuil fadhb eile ciontach as méadú na coiriúlachta sa tír; déarfadh siad gurb é droch tógáil clainne atá ciontach ás, de bharr na dtuismitheoirí a bheith I dtólamh ag iarraidh a gcuid páistí a cheansú le géilliú agus le bronntanais. De réir na hargóna seo faigheann cuid daoine óga gach rud a n-éilíonn said ó lá a mbreithe agus bíonn said ag súil leis an gcaighdeán céanna go deo Ina dhiaidh sin; ní ghlacann siad diúltú agus santaíonn said earraí na gcomharsan. Is míniú amháin é ar a laghad ar chuid den mhíshástacht leitheadach atá le sonrú inár measc faoi láthair.

Maidir le foréigean idirnáisiúnta tá sé linn ó thús staire, agus baineann sé go minic le hionsaí  eachtrannach ar  tír neamhspleách ─  mar a rinneadh ar ár dtír seo fado.  Déantar leatrom ar an náisiún atá cloíte agus éiríonn seicteachas , ciníochas agus cinedhíothú as sin de réir mar a dhéanann an chumhacht iasachtach  a dhícheall chun smacht a choinneáil  ar dhaonra nach bhfuil tuillteanach géilleadh leis.  Rinne  Crummell  cinedhíothú in aghaidh muintir dhúchasach na tíre seo; rinne Hitler ár níos measa ar na Giúdaigh ─ a raibh sean náisiún acu, ach nach raibh tír dá gcuid féin acu ag an am .  Mharaigh fórsaí na Stáit Aontaithe níos mó ná céad míle daoine idir óg agus aosta san Iaráic; agus bhris siad rialtais Libia gan náire: anois tá cuid den dhomhan Ioslamach  ag iarraidh díoltais a bhaint amach i gcúitimh  sin  ─ agus is cuma leo cén áit san Iarthar domhain a roghnaítear chun an díoltais sin a chur i gcrích.    

Chun an ábhair seo a thabhairt chun críche caithfear plé leis an gceist; an ainmhí síochánta é an duine daonna ó nádúr? Caithfear admháil nach léiríonn cúrsaí staire gurb é. Tá leathanaigh na leabhar staire fuilteach: agus is de bharr doirteadh fola a bunaíodh an chuid is mó de riochtaí an domhain.  Bhí an foréigean I dtólamh fite fuaite le forlámhas na dtréan agus maireachtáil na lag ó gineadh an chine daonna.  Cén fáth nach mbeadh sé amhlaidh anois?   

      An Dúlra: namhaid nó cara?

Tá stoirm ag bagairt áir ar an domhan máguaird; cloisim í ag gluaiseacht mar mhac tíre fiáin atá tagtha chugainn de chéin trí choillte órga an fhómhair, ag leagadh rudaí ar a bealach timpeall an tí taobh amuigh. Tá na scamaill ag éirí níos duibhe, ag teacht ina gceann is ina gceann ag bailiú báistí.   Tá mo mháthair ag breathnú amach tríd an fhuinneog chúil ar na crainn ag luascadh agus ag cromadh faoi neart na stoirme móire – agus í ag impí ar an gcrann fuinseoige gan titim anuas ar ár ngrianán ar a chaith mo athair deich  míle euro chun coinneáil suas leis na comharsana. Tá mo athair ag guí ar Dhia nach sciobfar an díon den teach féin – mar níl an árachas íoctá againn de bharr go raibh an fuílleach airgid caite aige ar ár ngrianán maisiúil.  “Ha! Ha! Ni hé lá na gaoithe lá na scolb!” a deir mo dheirfiúr ghlic.  Tá mo dheartháir dalba sínte ar a leaba ag samhlú a scoile ós a chomhair amach agus é leagtha  chun talún ag an stoirm, agús a chuid cairde ag damhsa sa *bhfothrach.  Tá sombrero de chuid na gcomharsan ag daingniú anuas ó chraobh crainn ghiúise sa ghairdín béal dorais agus eitilt chiotach  I ndán dí le teacht an chéad séideáin ghaoithe eile.  Tá bin bhruscair bun os cionn ar thaobh an bhóthair tosaigh agus na préacháin ag ceiliúradh  an féasta mar páistí ag coisir scoile. “ Is olc an chearc nach scríobann dí féin”, a deir mo dheirfiúr ghlic.   Agus seo chugainn, ag fánaíocht trasna garráin an eastáit, preabchaisleán mórtasach atá tar éis éalú ó ghairdín éigin.   Is ionadh liom an bagairt chorrach  atá aimsithe ar  réchúis agus sotal an chine daonna le linn bomaite − agus is ionadh liom ár n-éiginnteacht in aghaidh taispeántais  tobainn, taomaigh  an dúlra.  Go cinnte is rud leochaileach é ár neart  I gcoinne cumhacht na cruinne!  
O thaobh an nádúir de, is fíor a rá nach dtugann go leor daoine aird air go dtí go gcuirtear isteach orthu  de bharr eachtra nádúrtha éigin, nó go dtí go gcloistear go bhfuil ceantar éigin scriosta ag crith talún nó ag bolcán, nó spéirling, agus na pictiúir craolta ina gcuid seomraí suite ar an teilifís.   Baintear geit as ár gcine compordach ansin nuair a  thugtar faoi deara nach bhfuil an lámh in uachtar acu ar an dúlra go foil – agus nach móide go mbeidh go deo.  Múna  réitíonn  an dúlra linn sa dóigh a mbeadh oiriúnach dúinn is namhaid é;  ach go minic is mó  naimhde  muidne don dúlra.  
              Caithfidh an cine daonna glacadh go  bhfuil muid uile faoi chomaoin ag an dúlra ar son maireachtála agus caithfidh muid éirí as a bheith I gcónaí ag déanamh neamairt air. Tá tionsclaíocht ag truailliú an aeir. Tá sé ag nimhiú na baistí le barraíocht aigéid ruibhigh: ionas go dtiteann sé mar leacht marfach ar dhuilleoga na bplandaí, á milleadh is á marú. Tá eisileadh is dramhaíl á ligean amach ó na monarchana ag truailliú na n-aibhneacha: laghdaíonn an truailliú an ocsaigin san uisce ionas go maraítear na héisc. Ní hamháin  go ndéanann muid feall ar an dúlra, mar cuireann muid ár mbeatha féin go díreach I mbaol. Truaillíonn múnlach  agus séarachas soláthar uisce an phobail  le linn tuilte an Gheimhridh  -- de bharr go gceadaítear do thógálaí an bharraíocht tithe a thógáil gan beart ar bith faoi choinne cúram na timpeallachta.
             Dóitear an bharraíocht breosla sna tithe cónaithe í gcomhair teasa, sna monarchana í gcomhair táirgthe; agus sna busanna, na carranna agus na traenacha I gcomhar an chórais taistil.  De thairbhe sin uile tá brat carbón de-ocsaíde á chruthú agus á  méadú de réir a chéile -- sa dóigh is go bhfuil sé faoi láthair ag feidhmiú mar díon tí ghloine os cionn na talún; ag ardú teocht na timpeallachta in aghaidh na mblianta. Chomh maith leis sin, tá léirscrios á dhéanamh ar na foraoisí fearthainne a chruthaíonn an chuid is mó de ocsaigin an aeir agus a athchúrsálann an soláthar riachtanach báistí ar fud na cruinne.  I gcuideachta leis sin, tá muid ag méadú na tréadaí eallaigh thar chimes, agus tá sin ag cruthú an gháis meitéin  – rud atá ag treisiú éifeacht an  tí ghloine.   Tá an t-ózón lochtaithe againn trí bheith ag úsáid aerasóil, ionas go ligtear gathanna contúirteacha na gréine isteach arís.  De bharr ardú teochta talún is farraige tá na brait oighir sa Mhol Thuaidh agus sa Mhol Theas ag leá. De thoradh sin tá cothromaíocht na farraige ag ardú de réir a chéile, agus contúirt ann go dtuilfidh sí cuid de thailte ísle ar fud an domhain..
            Is iad saint agus ábharachas an chine daonna fáthanna na faidhbe. Níl an cine daonna sásta a gcuid chothrom de  thorthaí an domhain a ghlacadh agus ní raibh riamh. Ó tháinig an gné ar a dtugtar “Homo Sapiens” chun cinn ar chrann na beatha, thosaigh sé ag déanamh slada ar gnéithe éagsúla an domhain. Faoi láthair tá an méid gnéithe de ainmhithe agus plandaí atá I gcontúirt ag dul thar cuimse -- de bharr go bhfuil an chine daonna ag cur a gcuid áiteanna dúchais de dhíth orthu. Múna n-athraítear modhanna maireachtála an chine daonna déanfar damáiste buan do chothromaíocht an dúlra, agus íocfaidh ár bpáistí éiric ghéar I gcúiteamh sin sa todhchaí.
Deirtear go maireann an cine daonna go léir ar scáth a chéile, ach is fíor a rá gur ar scáth a chéile a mhaireann chuile ghné ar dhromchla an domhain. Níl beatha an duine neamhspleách ó bheatha an phlanda. Táirgeann an crann ocsaigin as uisce agus táirgeann an duine carbón dé-ocsaíd sna scamhóga. Cruthaíonn na plandaí ár mbia – cibé slí a ghlacann muid é – as carbón dé-ocsaíd, uisce agus solas na gréine. Tá sé mar an gcéanna maidir leis an ngaol idir plandaí agus feithidí: tairgeann na plandaí neachtar a chothaíonn na beacha, agus déanann na beacha pailniú a ghineann agus a shíolraíonn na plandaí. Is é sin a rá: gan na beacha ní mhairfeadh plandaí, agus gan na plandaí ní mhairfeadh muid. 

Maidin arna mhárach tagtha agus an chumhacht aibhléise gearrtha, na haibhneacha tuilte, na busanna ar ceall;  agus ar ndóigh, tá na scoileanna druidte agus na múinteoirí ag luí go sámh – “ag fáil airgid saor in aisce mar is dual dóibh” a deir mo sheanathair a chaith an chuid is mó dá shaol ag sclábhaíocht ar fheirm bheag san Iarthar tíre. Tá an ghaoth chomh ciúin le huan anois – ag cur mo ghruaige in aimhréidh agus ag súgradh go meidhreach le mo chuid éadaí.  “Múna ndéanfainn a leithéid anois is arís is beag an tsuim a chuirfeadh an chuid is mó den chine daonna i mo  chaomhnú”, a deir an dúlra.  Maidir le mo dheartháir  dalba, tá sé ag tnúth le Spéirling  Áibhlínn  a bhfaca sé sa nuachtán maidine ar léarscáil na haimsire agus í ag triall ar chósta na Éireann:  “dá mhéad scriosta a dhéanfaidh sí”, ar seisean liom, “is é is mó measa a mbeidh  agam uirthi”.   “Nach ait an mac an saol!”  a deir mo dheirfiúr ghlic.  

 

 

     


 

                                                                                                                                                                                               

 

                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                 
 

Géibheann:

Is é easpa saoirse  agus an dúil a bheith saor téama an dáin seo .  Cibé an fáth atá ciontach as seo, mothaíonn an file go bhfuil a saol imithe I léig agus nach bhfuil fágtha aici ach fanacht lena cinniúint.

Tá codarsnacht idir an chéad agus an dara chuid den dhán áfach.  I dtosach an dáin ceiliúrann sí an t-am atá thart, ina raibh cáil faoi leith aici de bharr a ceirde agus de bharr an t-saothair a bhí cruthaithe aici. Baineann sí úsáid as mheafar an leoin fhiáin chun chur in iúil dúinn  an méid féin muiníne a bhíodh aici aistí féin tráth  – deir sí:

“Chroithfinn crainnte na coille
Tráth
Le mo gháir”

Níos moille áfach tugann sí an mhalairt mheafair dúinn: anois is leon í atá I ngéibheann agus a cuid neamhspleáchais caillte aici.  Fiú amháin tá a fuinneamh agus a dóchas meaite freisin – deir sí:

“ Luím síos
  Agus breathnaím trí leathshúil
  Ar an gcrann aonraic sin thall.”

Ag deireadh an dáin tagann taom feirge uirthi; mothaíonn sí tréigthe ag a cuid cairde, mar cé go dtagann siad chun amharc uirthi ní bheireann siad eochair na saoirse chuici – deir sí:

“Tagann na céadta daoine
   Chuile lá
   A dhéanfadh rud ar bith
   Dom
   Ach mé a ligean amach.”

Is truamhéalach a scéal, mar Is iad easpa misnigh agus an t- éadóchas na mothúcháin is treise a léirítear sa dán; ní móide go mbeidh rud ar bith le fáil a bhéarfaidh  biseach uirthi.

 

Essay for Leaving Certificate -- Ordinary Level:   

SPÓRT 


          Tá an sport tábhachtach  dúinn go léir.  Is caitheamh aimsire sláintiúil é. Is siamsa iontach é .   Is traenáil oiriúnach don saol é.  Is gnó é. Murach an spórt bheadh an saol seo gruama.
          Nil aon rud níos fearr don tsláinte ná a bheith ag imirt cluichí, nó a bheith ag rith, nó ag snámh.    Gan chleachtadh coirp cuireann daoine meáchan suas agus tá sin crua ar an gcroí.    De ghnáth maireann daoine a imríonn sport níos faide ná daoine nach nglacann taithí coirp.
          Níl siamsa ar bith níos fearr ná a bheith ag féachaint ar chomórtas spóirt.   Beidh  na cluichí Oilimpeacha ar siúl sul I bhfad agus beidh na milliúin daoine ag féachaint orthu ar fud na cruinne go ceann míosa.
          Foghlaimíonn daoine  a imríonn spórt nach  féidir leat bua í gcónaí.  Buann tú uaireanta agus caileann tú uaireanta eile.  Tá sé mar an gcéanna sa saol is atá sé sa spórt
          Is gnó é an spórt freisin, mar imríonn a lán réaltaí spóirt  ar son airgid:  tóg mar shampla Tiger Woods agus Rodger Federar.    Bá mhaith liom a bheith I mo réalta sport cosúil leo lá éigin.   Ní  bheadh mo lámha salach arís go deo dá n-éireodh liom mo bheart a chur I gcríoch.  

                              
 

(Ar son Ardleibhéil)   Maidir leis an tragóid a leirítear sa drama ‘An Triail’:
Caidé an dóigh ina dhéantar sin? 

An tragóid atá á léiriú sa dhama ‘An triail’ ná scéal máthar agus linbh soineanta nach nglacfadh an tsochaí leo. Caitear go cruálach le Máire agus a hiníon i rith an drama, I sochaí a mhaíonn gur ‘Chríostaí’ iad ní caitear le Máire go trócaireach nó níl mórán trua acu di. Cé gur cailín speisialta í  de réir  duine acu.

‘Nóinín i measc na neantóg’

Léirítear an tragóid sa dhrama I bhfoirm  cás cúirte.  I rith an drama déanann an bheirt aturnae cás Máire Ní Chathasaigh a fhiosrú. De réir mar a leanann an drama ar aghaidh  faighimid píosaí eolais faoi shaol na mná óige --  a chuirimid le chéile chun na  tragóide  ina hiomlán a thuiscint.

Ceistíonn an  bheirt Aturnae na daoine a ghlac páirt éigean I saol tragóideach Máire. Le linn na trialach déantar cuir síos ar na deacrachtaí a bhí aicí. Bhí uirthi troid i gcoinne a bochtanais, I gcoinne na ciontachta, I gcoinne na fimíneachta ,agus I gcoinne cruálacht na sochaí ina mhair sí. Bhí  uirthi troid i gconaí  ar son a cearta chun a paiste a choimeád, agus ar son a cearta féin chun maireachtála.

Léirítear dúinn an dearcadh olc a bhí ag an bpobal I gcoitinne I Leith na máthar aonraí. Glaoitear ainmneacha ar Máire a léiríonn an drochmheas  atá acu uirthi:  ‘cailíní dá leithéid’, ‘striapach’! Tá seo neamhthuillte aici  de bharr gur cailín soineanta  cineálta í. Tá an chodarsnacht seo láidir idir Máire -- atá lán de grá dá hiníon,  agus Pádraic -- atá gan mhisneach agus tuiscint dhaonna.  Cuidíonn an chodarsnacht sin le  héifeacht na tragóide a chuirtear os ár gcomhar.

Is iad na mná na híobartaigh sa dráma.  Tá ar máthair Mháire maireachtáil ar a haonar lena triúr  páistí, gan chuidiú óna comharsana. Déanann sí an rud is dual do mháthair dá cineál  ag an am sin:  réitíonn sí a gcuid saoil dóibh  í slí traidisiúnta.  Ní dhéanfadh máthair a leithéid sa lá atá ann inniu.  Ó thaobh a dearcaidh de, ná bainigí úsáid as chaighdeáin na linne seo chun  daoine a mhair san am atá thart a  thomhas!      Tá Mailí  agus a comhluadar greamaithe den saol ina bhfuil said agus ní thig leo éirí as nó éalú.   In ainneoin sin léirítear dúinn le linn na trialach go bhfuil croí iontu – go háirithe Mailí:  mar is í an t-aon duine a thuigeann  brí  na carthanachta.

Oibríonn an cás cúirte seo sa dóigh is go dtaispeántar dúinn  uile  gurb í an tsochaí féin atá ar thriail. O thaobh na mná óige de, tá sí imithe ar slí na firinne lena leanbh; de bharr sin ní thig le coiste cúirte nó breitheamh í a dhaoradh go deo.  Gabhann siad uile a gcuid leithscéalta I Leith na tragóide -- agus cé is moite de Phádraic féin tá cuid den fhirinne iontu: mar is príosúnaigh iad uile: ag an intinn chlaonta, ag an aineolas, ag an gcreideamh saorga -- agus  go háirithe ag an eagla.  Chun maireachtála I ngéibheann caithfear an chrógacht a chur I bhfolach!
 

 

 

 

An Triail

fimíneachtmímhacántacht le feiceáil i mbeagnach gach gné den saol mar a léirítear sa drama seo.

 

  • Tá an fhimíneacht agus mímhacántacht le fail go forleathan maidir leis an sochaí  a léirítear sa drama: An TriaiL. Léirítear an fimíneacht agus mímhacántacht tríd na caractair uile sa drama seo agus sa tslí ina gcaitheann siad leis an bpríomhphearsan – Máire.

 

  • Is cailín den scoth í Máire

‘nóinín i measc na neantóga’

Is cailín deas soineanta í agus grá mór aici ina croí. Nuair a éiríonn sí torrach de bharr  an chaidrimh atá aici leis an  máistir scoile pósta, déanann an sochaí fimíneach, mímhacánta, neamh mhaithúnasach í a sheachaint agus a imeallú.

 

  •    Sa tsochaí seo (sean tsochaí Chaitliceach na hÉireann le linn na caogidí)   maitear gurb iad nósanna beatha an Chríodtaíochta a leantar. Ach is léir ó gníomhaíochtaí baill an tsochaí sin gurb bréag é san iomlán an chreideamh atá acu. Léiríonn gníomhaíochtaí na máthar agus  siúd a dhéanann Pádraig an bhréag cráifeacht  seo go soiléir

 

  • Dar leis an reiligiún Chríostaíocht ba chorr do gach Chríostaí a bheith maithúnasach 

‘An té gan peaca

Lig dó an chéad cloch

a chaitheamh’

Ach a mhalairt den meon sin a léiríonn gníomhaíochtaí na máthar. Léiríonn sí fiú amháin  mothúcháin nimhneacha dá hiníon

                     ‘agus mallacht Dé ortsa…a striapach’

Ní léiríonn sé grá Chríostaí ar son a hiníon. Níl trua aici do  chruatan  Máire. Nil  sí ach buartha faoi thuairimí na gcomharsan

                     ‘Iad ag síneadh na méire fuaim’

Leiríonn seo an dearca cúngaigeanta mí-chothrom a raibh go forleathan ag an am. Daoine ag chaitheamh anuas ar daoine eile, cé nach raibh siadsan gan locht nó small.

 

  • Ach tá fimíneacht na máthar daingean. Is  fuath léi Máire toisc an peaca a rinne sí;  ach tá an Mháthar sásta peaca níos mó a dhéanamh- an leanbh a marú san broinn.
  • Léiríonn character Pádraig an fhimíneacht. Is fear posta é a dhéanann cailín óg a mhealladh. Tá sé mímhacánta le Máire san iomlán. Geallann sé gach rud leí chun a sásamh féin a bhaint aisti; fiú déanann sé ‘bréag posadh’ leí lena sean fáinne pósta féin.

‘leis an bhfáinne seo déanamh

thú a phósadh’

Tá sé ag déanamh scigmhagadh san iomlán ar an ngeallúint naofa idir beirt daoine. Casann sé a dhroim ar Máire nuair a éiríonn sí torrach.

‘Ná lua m’ainm riamh’

Cé gur ‘playboy’ cheart é, glaonn sé ‘striapach’ ar Máire -- bean a bhí sé ag maíomh go raibh sé I ngrá léi uair amháin dá shaol.

  • B’éigean do Máire a baile féin a thréigeadh agus dul chuig Baile Átha Cliath -- áit ina mbuaileann sí le níos mó mímhacántacht.

 

  • Feicimid fimíneacht láidir  freisin I gcás na mná uaisle  -- ag léiriú nach é  an íseal aicme amháin atá mímhacánta. Tugann  sí post do Máire is í gan cáilíocht (ní raibh fhios aici cén sort duine í agus cuireann  sí í ar phá íseal. Déanann Mháire sár-obair agus tá an chlann go léir an-sásta léi.  In ainneoin sin athraíonn dearcadh na mná uaisle nuair a thugann sí faoi deara go bhfuil an chailín aimsire ag iompar clainne agus I gan a bheith pósta.

 

  • Tá an Oibrí Sóisialaithe mímhacánta do Máire freisin. Tugann sí an comhairle dI dul isteach i detach tearmainn le beann eile atá san ‘suíomh’ chéanna. Maíonn  an Oibrí Sóisialaithe go bhfuil sí ag iarraidh an ‘rud cheart’ a dhéanamh do Mháire. Ní thuigeann sí cás Máire. Téann sí os cionn Máire agus réitíonn sí go dtabharfadh Máire a leanbh do tuismitheoirí eile. Ní hé seo an ‘rud cheart’ nó choir ach an oiread. Tá sí ag iarraidh an leanbh a thógáil ó Máire, mar dar leis an tsochaí fimíneach ba cheart go mbeadh páiste ag beirt tuismitheoirí. Níl an oibrí ag smaoineamh faoi Mháire.

 

  • An rud íorónta ná, an t-aon duine a thugann aire ceart do Máire agus a léiríonn an Chríostaíocht ná an Striapach Maillí. Tugann sé dídean di.

 

  • Cuireann Máire lámh ina bás féin agus dúnmharaíonn sí a páiste toisc an tslí brúdúil a chaith an tsochaí léi mar mháthair shingil. Ní raibh sí ag iarraidh a hiníon a chur san tsochaí cheanna.

‘Mharaigh mé mo leanbh

de bhrí gur cailín í’

                           ‘Tá m’iníon soar….

                           Ní bheith sí ina hoinsín…ag aon fearr.’

 

  • Sroicheann Maire agus a  hiníon an bás uaigneach seo toisc nár cloí siad leis an fhimíneacht.

‘Bris sí na rialacha

An té a bhriseann na Rialacha an chluiche,

cailltear ann iad’

 

 

 


Website design by dmac media